Konstitucija airių kalba
Užupio Respublikos Konstitucija airių kalba
Bunreaċt
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine cónaí cois Aḃainn Vilnele agus tá sé de ċeart ag Aḃainn Vilnele riṫ le cois gaċ duine.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine uisce te, teas sa ġeiṁreaḋ agus díon tíle a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine bás a ḟáil aċ níl sé sin d'ḟiaċaiḃ ar duine.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine botún a ḋéanaṁ.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine a ṗearsantaċt féin a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine grá a ṫaḃairt.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine gan glacaḋ le grá, aċ ní gá sin.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine 'ḃeiṫ gan clú agus cáil.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine 'ḃeiṫ díoṁaoin.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine grá agus aire a ṫaḃairt do ċat.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine aire a ṫaḃairt do ṁadaḋ go dtí go ḃfaiġeann ceaċtar acu bás.
- Tá sé de ċeart ag madra ḃeiṫ ina ṁadra.
- Níl de ḋualgas ar ċat grá a ṫaḃairt dá úinéir, aċ caiṫfiḋ sé cúnaṁ a ṫaḃairt dó in am an ġátair.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine dearmad a ḋéanaṁ ar a ċúraimí ar uaire.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine ḃeiṫ in aṁras, aċ níl sé sin d'ḟiaċaiḃ air.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine ḃeiṫ sona.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine ḃeiṫ mí-ṡona.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine ḃeiṫ ina ṫost.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine creideaṁ a ḃeiṫ aige.
- Níl sé de ċeart ag éinne foréigin a úsáid in aġaiḋ éinne eile.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine tuiscint a ḃeiṫ aige dá neaṁṫáḃaċt agus dá ḋealraṁ féin.
- Níl sé de ċeart ag éinne cúngú ar an tsíoraíoċt.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine tuiscint a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine gan tuiscint a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine aon náisiúntaċt ar biṫ a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine a ḃreiṫlá a ċeiliúraḋ nó gan é a ċeiliúraḋ.
- Cuiṁneoiḋ gaċ duine ar a ainm féin.
- Tá cead ag gaċ duine an méid atá aige a ċoṁroinnt.
- An rud naċ ḃfuil ag duine ní ṫig leis é a ċoṁroinnt.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine dearṫáireaċa, deirfiúraċa agus tuismiṫeoirí a ḃeiṫ aige.
- Tig le gaċ duine a ḃeiṫ neaṁspleáċ.
- Tá gaċ duine freagraċ as an tsaoirse atá aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine 'ḃeiṫ ag gol.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine ḃeiṫ faoi ṁíṫuiscint.
- Níl sé de ċeart ag aon duine an milleán a ċur ar ḋuine eile.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine a ċearta pearsanta féin a ḃeiṫ aige.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine a ḃeiṫ gan ċearta.
- Tá sé de ċeart ag gaċ duine gan a ḃeiṫ eaglaċ.
- Ná déan smaċtḃualaḋ.
- Ná cloíġ.
- Ná géill.